Mionsonraí an Agallaimh | Fad | Éist |
Nuair a bhí a mháthair naoi mbliana d’aois, thosaigh sí ag obair ar an Chlochán Liath istigh ag monarcha Páidí an Chope ag déanamh stocaí agus miotóga. Shiúladh sí isteach sa tsamhradh ach sa gheimhreadh d’fhanadh sí istigh. Teaghlach a mháthar, fuair a hathair bás óg agus b’éigean di obair. An pá a bhí aici, Chitts, rud cosúil le dearbhán a bhí ann. | 00:06:20 | |
Chaith sé trí bliana ag obair ar fheirmeacha, d’éirigh a athair tinn agus dúradh leis go raibh droch chroí aige. Thosaigh sé ag obair ansin ar bhealaí móra, le Shanks agus Mc Ewan ar £6 sa tseachtain. D’fhág sé sin agus thosaigh siad ag cur isteach píopaí séaraigh le dream eile. Ina dhiaidh sin bhí sé ag obair thógála in East Kilbride. Scéal faoin lá a bhuail sé fear thar an chloiginn le sluasaid. Cuireadh den suíomh oibre sin é ach cuireadh ar cheann eile é. | 00:11:41 | |
Bliain an tsiocáin mhóir, 1963, bhí sé thuas in Inbhir Nis (Inverness). Bhí 9 seachtaine de shiocán ann. Bhí sé ag obair sna tolláin san am. Cur síos ar an am sin. | 00:03:13 | |
Ag obair sna tolláin, cur síos ar an obair a bhí sé ag déanamh. Ní raibh an obair folláin, tolláin uisce a bhí iontu. Seifteanna 12 uair a bhí i gceist, 7 lá na seachtaine. Ní raibh an bia maith cé go raibh siad ag fáil go leor agus ní bhíodh ocras orthu. Bhí an pá maith agus bhí sé ábalta airgead a shábháil ach bhí siad ag obair uaireanta fada, bhí lóistín le díol acu fosta. Bhí siad ábalta earraí a fháil ar tic. Ní théadh sé amach fríd na seachtaine. Nuair a bhí sé sna tolláin, théadh siad isteach sa teach leanna i ndiaidh am oibre corr uair. | 00:07:58 | |